Scéal na Gaeilge i gCeatharlach The Story of the Irish Language in Carlow (2014)

Scéal na Gaeilge i gCeatharlach

I 2014, chuir Músaem Contae Cheatharlach i gcomhar le Glór Cheatharlach an taispeántas “Scéal na Gaeilge i gCeatharlach, The Story of the Irish Language in Carlow” i láthair. Dhírigh an taispeántas ar an tréimhse ó 1899 go 2014. Tá an taispeántas sealadach seo curtha i gcrích.

Ó bhunú Conradh na Gaeilge in 1899 le Mícheál Ó hAnracháin, a cuireadh chun báis níos déanaí dá pháirt in Éirí Amach 1916, go dtí Féilte Pan-Cheilteacha 2012 agus ’13 tá an Ghaeilge tar éis dul ó neart go neart i gCeatharlach. Le dhá bhua náisiúnta i nGlór na nGael agus 35 bliain d’Fhéile Ealaíon Éigse Cheatharlach, bunscoileanna agus meánscoileanna móra a bhfuil an-tóir orthu, tá an Ghaeilge mar dhlúthchuid de shaol laethúil Cheatharlach.

Tá an íomhá © cóipcheart Mhúsaem Contae Cheatharlach.
Continue reading